- Anseo atá tú:
- An tArm >
- Eagrúchán >
- Cór an Airm >
- Scoil Cheoil Óglaigh na hÉirea... >
- Bannaí Píobairí Óglaigh na hÉi...
Bannaí Píobairí Óglaigh na hÉireann
Sular bunaíodh Scoil na Píobaireachta ar an gCurrach i 1926 ba ar bhonn ad-hoc a bhíodh bannaí píobaireachta ag obair. Ó foilsíodh fógra earcaíochta in eagrán Eanáir An t-Óglach (nuachtán Óglaigh na hÉireann) cuireadh bannaí éagsúla ar bun.
Faoi 1929 bhí cúig bhanna ceoil curtha ar bun sna haonaid seo a leanas:
- 7 Cathlán Coisithe ag Dún Portobello (Dún Chathail Bhrugha anois), Baile Átha Cliath
- 5 Cathlán Coisithe ag Dún Uí Choileáin, Baile Átha Cliath
- Campa Traenála an Churraigh, Co. Chill Dara
- 12 Cathlán Coisithe ag Dún an tSáirséalaigh, Luimneach
- 2 Cathlán Coisithe ag Dún Chostúim, Baile Átha Luain
Rinne pearsanra a ról i mbun ceoil a chomhlíonadh i dteannta a ndualgas príomha míleata mar mhuscaedairí agus ghlac na bannaí páirt i bparáidí míleata agus in imeachtaí áitiúla sibhialta. Ó am go chéile, sheinneadar ag mórócáidí searmanais i mBaile Átha Cliath. Bhuanaigh léiriú Tatú Mhíleata i dtailte Chumann Ríoga Átha Cliath i 1945 áit na mbannaí i gCeol Airm.
Cuid rialta ó na 1960í i leith ab ea seirbhís thar lear le Cathláin Coisithe mar chuid de Mhisin na Náisiún Aontaithe. Bhí ról tábhachtach ag bannaí ar seirbhis sa Chongó, sa Chipir agus sa Liobáin maidir le meanma na dtrúpaí a choinneáil. Ar an dóigh sin, bhí seamsán na bpíob le clos in áiteanna chomh fada ó bhaile le Stanleyville, Elizabethville, Manono, Famagusta, Larnaca agus Tibnin.
Bhí bannaí píobaireachta machaire ag an FCA (Óglaigh Chúltaca) – an ceann le Complacht ‘B’, 10 Cathlán Coisithe (Ros Mhic Thriúin, Co. Loch Garman) ar an gceann ba rathúla.
Tá banna píobaireachta ag gach ceann de naoi gcathlán coisithe Óglaigh na hÉireann i láthair na huaire. Tá ag éirí go maith le banna an Aerchóir, chomh maith. Leanann na bannaí le ról tábhachtach a imirt ag ócáidí searmóiní agus spóirt agus is dócha gur fearr aithne ag pobal éiste na hÉireann orthu trína gclos ag seinnt ag Seó Capall Chumann Ríoga na hÉireann i mí Lúnasa gach bliain.


