Banna Uimh. 1 an Airm

An Captaen Fergal Carroll (Stiúrthóir Foirne)

I mí Meán Fómhair, 2005 a chuaigh an Captaen Fergal Carroll as Cluain Meala, Co. Thiobraid Árann isteach in Óglaigh na hÉireann. Ceapadh é ina stiúrthóir ar Bhanna 1ú Bhriogáid an Deiscirt i mí an Mheithimh 2006 agus in 2007 ghlac sé leis an gceapachán reatha atá aige ina Stiúrthóir ar Scoil Cheoil Óglaigh na hÉireann, Baile Átha Cliath. Bhain sé amach céim sa cheol in Institiúid Teicneolaíochta Phort Láirge agus chuaigh sé i mbun staidéir sa Royal Northern College of Music ó 1998 go dtí 2000 áit ar bronnadh Máistreacht sa Cheol air. Ó 2010 i leith is é an Captaen Fergal Carroll atá freagrach as treoir cheoil Bhanna Uimh. 1 an Airm chomh maith lena riaradh.

Sula ndeachaigh sé le Óglaigh na hÉireann bhí sé ina stiúrthóir ceoil ar Bhanna Chluain Meala. Stiúrann sé Ceolfhoireann Mhílaoise Thiobraid Árann agus is stiúrthóir ceoil é le Cumann Ceoil Charraig na Siúire. Cumann sé ceol freisin agus tá saothair cumtha aige do cheolfhoirne, do chóir agus do bhannaí. Foilsíonn Maecenas Music sa Ríocht Aontaithe ceol banna dá chuid.

Banna Uimh. 1 an Airm

The Army No 1 Band

I 1923 a bunaíodh Banna Uimh. 1 agus bhí a chéad léiriú poiblí aige faoi stiúir an Choirnéil Fritz Brase sa Theatre Royal i mBaile Átha Cliath i nDeireadh Fómhair na bliana sin. Bhí an Banna sin ar an gcéad bhanna míleata de cheithre cinn a bunaíodh idir 1923 agus 1936, agus tá an teideal céanna coinnithe aige ó bunaíodh é.

Tá ceol seinnte ag Banna Uimh. 1 ag gach mórócáid shearmóineach ó bunaíodh an Stát, lena n-áirítear gach uile Insealbhú Uachtaránachta ó aimsir Uachtarán Dubhglas de hÍde i leith.

Cuimsíonn sceideal reatha an bhanna freastal ar Áras an Uachtaráin ag searmanais a bhaineann le Cur i Láthair Díntiúirí Ambasadóirí nua-cheaptha, le soláthar ceoil mar thaca le cuairteanna Stáit Lucht Ceannais Stáit eile ar Éirinn agus le Mórócáidí Stáit mar an Lá Náisiúnta Cuimhneacháin. Ina theannta sin, comhlíonann an banna gach riachtanas maidir le ceol míleata a sholáthar do Bhriogáid an Oirthir d’Óglaigh na hÉireann.

Cuid rialta de shaol an bhanna is ea coirmeacha ceoil sa Cheoláras Náisiúnta, ceadail i bhFaiche Stiabhna, Baile Átha Cliath agus clár rathúil maidir le Ceolchoimeacha do Scoileanna. Tá léirithe tugtha ag an mbanna ag féiltí agus ag tatúnna míleata san Iodáil, san Ísiltír, sa Ghearmáin agus san Fhrainc. Ó 2010 i leith is é an Captaen Fergal Carroll atá freagrach as treoir cheoil Bhanna Uimh. 1 an Airm chomh maith lena stiúradh.

Chun tuilleadh eolais a fháil ar Cheol Míleata téigh chuig leathanach na ngairmeacha.