Cór Póiliní an Airm

Tá an Cór Póilíní Airm freagrach as cionta a chosc agus a fhiosrú, araíonacht a chur i bhfeidhm, agus póilíniú ginearálta a dhéanamh ar Óglaigh na hÉireann.  Le linn cogaidh bíonn dualgais bhreise i gceist, ina measc córas ceansaithe tráchta a chur ar fáil le go mbeifear ábalta eagair mhíleata a aistriú go tapa chuig limistéir na misean. I measc na ndualgas cogaidh eile tá rialú príosúnach cogaidh agus teifeach. Go traidisiúnta, bíonn páirt mhór ag na Póilíní Airm in ócáidí agus i searmanais stáit.

Le blianta beaga anuas imscaradh na Póilíní Airm chuig go leor misean de chuid na Náisiún Aontaithe lena n-áirítear san iar-Iúgsláiv (SFOR).

Bíonn dlúthchaidreamh oibre acu leis an nGarda Síochána chomh maith, go náisiúnta agus go háitiúil. Cuidíonn an Garda Síochána leo trí thraenáil speisialta póilíneachta a chur ar fáil do na Póilíní Míleata sa réimse imscrúdaithe coireanna.

Complacht na bPóilíní Míleata

Cuireann complacht na bpóilíní míleata seirbhísí smachta tráchta ar fáil chomh maith le slándáil príosúnaithe ar naimhde cogaidh iad agus tugann cabhair maidir le slándáil cúl-liomatáistí i liomatáiste na briogáide.