CLOSEHIDE
Searmanas Gharda MíleataChuimhneacháin Náisiúnta

Beidh paráid ag Garda Míleata Searmóineach ag láthair an Chuimhneacháin Náisiúnta in ómós do chomhaltaí Óglaigh na hÉireann a fuair bás i seirbhís an Stáit, Cearnóg Mhuirfean, Baile Átha Cliath, i rith Iúil agus Lúnasa.

Beidh searmanas ar siúl i Cearnóg Mhuirfean, Baile Átha Cliath, gach Satharn ón 19ú Iúil go dtí an 23ú Lúnasa 2014.

Beidh aonaid Óglaigh na hÉireann ón Arm, ón Aerchór agus ón tSeirbhís Chabhlaigh rannpháirteach sna Searmanais Gharda Míleata seo mar chuimhneachán sollúnta ar a gcomhghleacaithe a fuair bás.

Mairfidh an searmanas uair an chloig.

> Faigh amach níos mó

CLOSEHIDE
Searmanas Gharda MíleataChuimhneacháin Náisiúnta> Faigh amach níos mó

Réamhrá

Stair

Is é an tAerchór comhchuid aeir na mBuanfhórsaí Cosanta agus é lonnaithe in Aeradróm Mhic Easmuinn, Baile Dhónaill, Co. Bhaile Átha Cliath. Timpeall 750 fear agus bean atá ar seirbhís san Aerchór sa lá inniu, agus déanann gach duine díobh cion uathúil agus suntasach chun na rólanna, idir phríomha agus thánaisteacha, a chomhlíonadh faoi mar a shanntar ón rialtas iad.

Tá an tAerchór tar éis mórchlár uasghrádaithe flít a chur i gcrích le deireanas, agus cuireadh aerárthaí míleata den chuid is nua-aimseartha in áit go leor de na sean-aerárthaí, rud a thugann breis éifeachtachta agus aschuir mar aon le hacmhainneacht atá cuid mhaith níos fearr agus muid ar ár mbealach tríd an 21ú haois.

Tá 17 n aerárthach sciatháin dhobhogtha agus 10 n aerárthach sciatháin rothlacha i mbun oibre ag an Aerchór faoi láthair, mar aon le dhá ionsamhlóir, PC-9M amháin agus traenálaí ilchriú.

Físeáin is déanaí

  • Ceremonial Military Guard

  • Air Corps Fire Fighting Training

  • Defence Forces Military Guard Ceremony National Memorial, Merrion Square Park 2014

  • The 1916 Leaders Commemoration, Arbour Hill, Dublin, 7th of May 2014

Rólanna an Aerchór

Míleata Aer Cosanta

Is é ról an Aerchóir faoin Acht Cosanta, a bheith páirteach i slándáil an Stáit trí Aerchosaint Mhíleata a dhéanamh ar aerspás an Stáit. Le linn tréimhsí síochána áfach, is gnách leis an Aerchór na rólanna a chomhlíonadh a shannann an Rialtas dó, trí leas a bhaint as Aerchór díograiseach éifeachtach.