Skip to main content

LÉ James Joyce Tagtha Abhaile

Dé Sathairn 27ú Deireadh Fómhair, 2018 3in - LÉ James Joyce Tagtha Abhaile i nDiaidh a hImscartha le hOibríocht Sophia sa Mheánmhuir
Joyce_home_1070

Chuir an tAire a bhfuil freagracht air maidir le Cosaint, an tUas. Paul Kehoe TD, in éineacht le Ceann Foirne Óglaigh na hÉireann, an Seachaimiréal Mark Mellett DSM, fáilte abhaile inniu roimh chriú an LÉ James Joyce (P62) go Bunáit Chabhlaigh Inis Sionnach i gCorcaigh. Faoi cheannas an Leifteanant-Cheannasaí Martin Brett, chuir muintir, cairde agus comhghleacaithe an 57 pearsanra de chuid Óglaigh na hÉireann a bhí ar bord an LÉ James Joyce fáilte abhaile rompu ag an gcé. Ba í an LÉ James Joyce an tríú long de chuid Sheirbhís Chabhlaigh na hÉireann a imscaradh chuig an Meánmhuir mar chuid de EUNAVFOR-Med, Oibríocht Sophia nuair a sheol sí an 6 Iúil i mbliana. Faoin misean, thug an soitheach turas 100 lá dualgais i gcrích agus rinne forrán ar 214 long thrádála, thug cuairt muinteartha ar 6 shoitheach agus rinne 2 chigireacht. Bhí na gníomhaíochtaí sin go léir ag tacú le Lánchosc na NA ar Airm amach ó chósta na Libia, mar chuid de chur chuige cuimsitheach an AE cur as do líonraí smuigleála agus gáinneála sa Mheánmhuir.

Dúirt an tAire a bhfuil freagracht air maidir le Cosaint, an tUasal Paul Kehoe, T.D. faoin LÉ James Joyce a bheith fillte abhaile:

"Tá imscaradh shoithí Cabhlaigh na hÉireann chuig an Meánmhuir, mar chuid den mhisean daonnúil Oibríocht Pontus ar dtús agus ina dhiaidh sin mar chuid de mhisean cabhlaigh an AE, Oibríocht Sophia, ina ghné thábhachtach d'fhreagairt na hÉireann ar ghéarchéim na n-imirceach sa Mheánmhuir. Bhí sé de phribhléid agam fáilte a chur roimh an 57 bpearsanra a bhí ar bord an LÉ James Joyce agus roimh a dteaghlaigh, agus tá a fhios agam go bhfuil siadsan ag súil le ham ceart a chaitheamh in éineacht, agus tá sin tuillte go maith acu."

Dúirt Ceann Foirne Óglaigh na hÉireann, an Seachaimiréal Mark Mellett:

"Léiríonn na hoibríochtaí a thug an LÉ James Joyce i gcrích le linn a himscartha le hOibríocht Sophia arís an méid a chuireann Óglaigh na hÉireann le síocháin agus slándáil idirnáisiúnta, agus an ról mór agus tábhachtach atá acu ionadaíochta a dhéanamh thar ceann na hÉireann thar sáile. Ba mhaith liom an deis seo a thapú chun comhghairdeas a dhéanamh leis an Leifteanant-Cheannasaí Brett agus a fhoireann a bhí ar bord an LÉ James Joyce as imscaradh ar éirigh thar barr leis a chur i gcrích. Ba mhaith liom chomh maith mo bhuíochas a chur in iúl do na teaghlaigh agus do na cairde a bhí i láthair chun fáilte abhaile a chur roimh an gcriú ag balla na cé inniu, agus do deimhin, le daoine muinteartha an chriú as an méid a thugann siad suas, agus an mórtas a léiríonn siad ag tacú leis an bpearsanra nuair a imscartar thar sáile iad."


Dáta an Phreasráitis: Dé Sathairn, 27th Deireadh Fomhair 2018

Chun tuilleadh eolais a fháil téigh i dteagmháil le:

Preasoifigeach: An Ceannfort Pat O'Connor

Teil: 045 49 2502 , 045 49 2503

Fón Póca : 087 2482130

Ríomhphost: Preasoifigeach