Skip to main content

Dhá Árthach Iascaigh coinnithe ag an tSeirbhís Chabhlaigh

9.30in - Déardaoin an 20ú Nollaig 2018

Tá dhá árthach iascaigh as Éirinn coinnithe ag long cabhlaigh na Seirbhíse Cabhlaigh an LÉ Eithne mar thoradh ar oibríocht aréir i Muir Éireann.

An tIonad náisiúnta Monatóireachta Iascaigh (FMC) ag Bunáit Chabhlaigh Inis Sionnach a rinne comhordú ar an oibríocht ina ndeachaigh lucht na loinge ar bord na n-árthach. Roghnaigh foireann an FMC na hárthaigh inné i ndiaidh gnáthanailís ar a gcuid imeachtaí agus i gcomhairle leis an Údarás um Chosaint Iascaigh Mhara Tá an dá árthach coinnithe maidir le sáruithe líomhnaithe ar rialacháin iascaireachta.

Tá na hárthaigh á dtionlacan faoi láthair go Binn Éadair, Co. Bhaile Átha Cliath áit a bhfuil súil leo ar maidin. Tabharfar ar láimh ansin iad don Gharda Síochána. Seacht n-árthach ar fad anois atá gafa ag an tSeirbhís Chabhlaigh go dtí seo in 2018. 

Seolann Óglaigh na hÉireann cigireachtaí iascaigh ar muir de réir comhaontú leibhéal seirbhíse idir an Roinn Cosanta agus an tÚdarás um Chosaint Iascaigh Mhara, mar chuid de na seirbhísí rialtais a chuirtear ar fáil don stát.

Seolann Óglaigh na hÉireann cigireachtaí iascaigh ar muir de réir comhaontú leibhéal seirbhíse idir an Roinn Cosanta agus an tÚdarás um Chosaint Iascaigh Mhara, mar chuid de na seirbhísí rialtais a chuirtear ar fáil don stát.

Léigh tuiileadh faoin tSeirbhíse Cabhlaigh


Dáta an Phreasráitis: Déardaoin an 20ú Nollaig 2018

Chun tuilleadh eolais a fháil téigh i dteagmháil le:

Preasoifigeach: An Ceannfort James O'Hara

Teil: 045 49 2502 , 045 49 2503

Fón Póca : 087 2482130

Ríomhphost: Preasoifigeach