Skip to main content

Oibríochtaí Óglaigh na hÉireann 2018

28 Nollaig 2018 - Defence Forces Operations 2018
Hero-OPerations-2018

4in - 28 Nollaig 2018

Rinneadh Óglaigh na hÉireann a imscaradh ar réimse leathan oibríochtaí cosanta agus slándála sa bhaile in 2018, agus rinneadh breis agus 1690 saighdiúir a imscaradh ar Oibríochtaí Tacaíochta Síochána na Náisiún Aontaithe i 14 thír ar fud an domhain.

Seo thíos sampla de mhórghníomhaíochtaí Óglaigh na hÉireann i mbliana a thugann blaiseadh den réimse gníomhaíochtaí a ndeachaigh Óglaigh na hÉireann ina mbun in 2018.

*Is staitisticí sealadacha iad seo agus d'fhéadfadh athrú teacht orthu i dTuarascáil Bhliantúil 2018, a fhoilseofar go luath in 2019.

Oibríochtaí Baile

Rinneadh Óglaigh na hÉireann a imscaradh ar réimse oibríochtaí chun Cuidiú leis an gCumhacht Shibhialta agus leis an Údarás Sibhialta ar bhonn laethúil, ag tacú leis an nGarda Síochána, Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte, Údaráis Áitiúla agus príomhghníomhaireachtaí eile de chuid an Stáit.  Seo roinnt samplaí de na gníomhaíochtaí sin:

  • Thug an tArm faoi breis is *197 ngníomhaíocht Cúnaimh d'Oibríochtaí Cumhachta Sibhialta chun tacú leis an nGarda Síochána, arbh é a bhí i gceist leo ná glaoch ar an bhFoireann Diúscartha Ordanáis Phléascaigh (an Fhoireann Buamaí), Príosúnaigh, Ábhar Pléascach agus suimeanna móra Airgid a thionlacan, agus oibríochtaí Cuardaigh.
  • Leanfaidh baill Óglaigh na hÉireann orthu ag cur garda faoi airm ar fáil go buan ag Príosún Phort Laoise, an t-aon phríosún ardslándála in Éirinn, ag an mBanc Ceannais agus ag Irish Industrial Explosives.
  • Cuireadh pearsanra agus saineolas ar fáil chun tacú leis an Roinn Cumarsáide, Gníomhaithe ar son na hAeráide agus Comhshaoil, agus an Lárionad Náisiúnta Cibearshlándála.
  • Imscaradh breis is *1,222 phearsanra, lena n-áirítear Sainfhoirne Cuardaigh Innealtóirí an Airm chun cabhrú le cuardaigh éagsúla ar iarratas ón nGarda Síochána.
  • Imscaradh tuairim is *2,861 phearsanra chun cuidiú le húdaráis shibhialta le linn oibríochtaí, lena n-áirítear tinte sléibhe a chur faoi smacht i mBaile Átha Cliath, Cill Mhantáin, Luimneach, Tiobraid Árann, Loch Garman, An Dún agus in Ard Mhacha. Bhí Óglaigh na hÉireann páirteach chomh maith i gcógais, foireann, oibrithe deonacha a iompar chun béilí ar rothaí a sheachadadh, chun daoine a thabhairt slán as carranna agus as tithe iargúlta agus chun pearsanra a chur ar fáil chun an sneachta a ghlanadh le linn stoirm Emma.
  • Rinne Óglaigh na hÉireann tuairim is *3,364 phearsanra a imscaradh chun tacaíocht a chur ar fáil le linn Cuairteanna Stáit agus le linn Chuairt an Phápa i mí Lúnasa 2018

Is í an tSeirbhís Chabhlaigh príomhghníomhaireacht muirí an Stáit. Tugann sí faoi ghníomhaíochtaí cosanta agus slándála muirí laistigh de limistéar patróil 220 milliún acra farraige (breis is 12 uair níos mó ná achar talún na hÉireann), arb ionann é agus 15% d'iascaigh na hEorpa.

  • Cuireann an tAerchór le patróil na Seirbhíse Cabhlaigh i gCrios Eacnamaíoch Eisiach na hÉireann (EEZ) trína Scuadrún Patróil Muirí a bhíonn i mbun faireachas ón aer ar uiscí críche ag úsáid dhá aerárthach patróil muirí CASA.  Rinne an tAerchór breis is *160 eitilt Patróil Faireacháin Muirí in 2018.
  • Áirítear i measc na n-oibríochtaí móra in 2018 oibríocht faireacháin ilnáisiúnta frith-támhshuanacha agus comhoibríocht tascfhórsa díchumasaithe frith-támhshuanach ar leithligh.
  • Bhí an flít páirteach i dtuairim is *740 oibríocht bordála agus coinníodh 7 n-árthach de bharr sáruithe a líomhnaítear a rinneadh ar rialúcháin iascaigh mar thacaíocht don Údarás um Chosaint Iascaigh Mhara.
  • Fuair an tSeirbhís Chabhlaigh a naoú long i mí Dheireadh Fómhair agus tugadh an LÉ GEORGE BERNARD SHAW uirthi. Tionólfar searmanas ainmniúcháin agus coimisiúnaithe oifigiúil i rith na bliana 2019.
  • Imscaradh Rannóg Tumadóireachta na Seirbhíse Cabhlaigh ar *21 oibríocht in 2018, lena n-áirítear *cúig cinn d'oibríochtaí cuardaigh agus aisghabhála ar leithligh mar thoradh ar iarratais ón nGarda Síochána.
  • Thug an tAerchór breis is *310 misean chun críche a bhain le Seirbhísí Tacaíochta Éigeandála Aerleighis, ag tacú le Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte seirbhís leighis a chur ar fáil d'othair i bpobail tuaithe a bhí go dona tinn.
  • Chuir an tAerchór *44 Otharcharr Aeir ar fáil d'ospidéil chun cabhrú le Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte freagra a thabhairt ar éigeandálacha leighis a bhí criticiúil ó thaobh ama de.
  • Leanann an tAerchór air ag tacú le heitiltí Aonad Tacaíochta Aeir an Gharda Síochána in 2018.

Oibríochtaí Idirnáisiúnta

Is iad Óglaigh na hÉireann is faide atá i mbun seirbhíse thar lear as tíortha uile an domhain ó imscaradh ar dtús iad ar mhisean de chuid na Náisiún Aontaithe i 1958.

    • In 2018 d'fhóin 1,692 pearsanra de chuid Óglaigh na hÉireann  ar oibríochtaí a bhain le Tacú le Síocháin agus Slándáil na Náisiún Aontaithe i 14 thír agus ar muir.
    • Tá breis agus 650 pearsanra d'Óglaigh na hÉireann ag fónamh i 14 thír faoi láthair.
    • Is i ndeisceart na Liobáine atá an líon is mó d'Óglaigh na hÉireann faoi láthair le UNIFIL áit a bhfuil 462 phearsanra imlonnaithe chun timpeallacht shlán agus sábháilte a chur ar fáil; Thug na hÓglaigh Cathlán iomlán anonn ann i mí na Samhna 2018 agus tháinig ardú breis is 100 pearsanra ar líon na bpearsanra atá ag fónamh thall ann. Tá breis is 138 pearsanra de chuid Óglaigh na hÉireann imscartha le Fórsa Breathnóireachta Díscoir na Náisiún Aontaithe (UNDOF) agus i mí Dheireadh Fómhair 2018 d'athlonnaigh siad as Arda Golan go dtí an tSiria.
    • Rinneadh an LÉ SAMUEL BECKETT agus an LÉ JAMES JOYCE a imscaradh chuig an Meánmhuir faoin Oibríocht Sophia EU NAVFOR MED mar chuid de mhisean muirí an AE chun cur isteach ar an smuigleáil agus ar an ngáinneáil ar daoine atá ag tarlú sa Mheánmhuir.
    • Thaistil Foireann Traenála Soghluaiste Óglaigh na hÉireann i ndáil le Frithghaireas Pléascach Seiftithe (C-IED) chuig OUAGADOUGOU, BUIRCÍNE FASÓ (BF) i mí na Samhna 2018 chun tús a chur leis an traenáil tacaíochta le Seirbhís Gníomhaíochta Mianach na NA (UNMAS) chun Traenáil C-IED a chur ar fáil d'Fhórsaí Armtha na BF.  Imscarfar iad le linn na bliana 2019.

    Traenáil agus Oideachas

    Téimid i mbun traenála don méid is eol dúinn atá romhainn agus cuirimid oideachas orainn féin maidir leis an méid a d'fhéadfadh bheith romhainn. Is é ár bpearsanra an neart is mó atá againn agus dá bhrí sin cuirimid béim shuntasach ar thraenáil agus ar oideachas lena chinntiú go bhfuil ár bpearsanra á bhforbairt agus go mbeidh siad ullamh do thimpeallachtaí casta oibriúcháin sa bhaile agus i gcéin.

    • Ionduchtaíodh 492 Earcach (32 Bean) agus 89 Dalta (11 Bean) isteach in Óglaigh na hÉireann agus cuireadh tús lena gcuid traenála míleata in 2018. Ba chomhaltaí a bhí ag fónamh iad 16 de na daltaí sin a d'aistrigh ó chéimeanna liostáilte agus thosaigh 24 phearsanra de chuid Óglaigh na hÉireann an cúrsa d'Ábhair Oifigeach.
    • Rinne tuairim is 210* pearsanra d'Óglaigh na hÉireann cúrsaí Céime Onóracha traidisiúnta agus rinne 6 pearsanra díobh sin cúrsaí Máistreachta trí chláir Forbartha Gairmiúlachta Leanúnaí.
    • Reáchtáil Óglaigh na hÉireann 1110 Cúrsa Scileanna in 2018, agus chaith mic léinn 14,344 Lá ag forbairt agus ag cothú cumas a bhaineann le hÓglaigh na hÉireann.
    • Rinne 778 bpearsanra d'Óglaigh na hÉireann 37 gcúrsa Gairm bheatha, ag forbairt a gceannaireachta, a bpleanála agus a scileanna cinnteoireachta.
    • Chuaigh tuairim is 1700 pearsanra d'Óglaigh na hÉireann faoi thraenáil réamh-imscartha ullmhachta misin thar sáile. Bhí idir scileanna frith-IED, traenáil an chéad fhreagróra leighis, scileanna raidió agus cumarsáide agus tiomáint feithiclí airm i gceist leis seo.
    • Chuaigh tuairim is 1700 pearsanra d'Óglaigh na hÉireann faoi thraenáil réamh-imscartha ullmhachta misin thar sáile. Bhí idir scileanna frith-IED, traenáil an chéad fhreagróra leighis, scileanna raidió agus cumarsáide agus tiomáint feithiclí airm i gceist leis seo. Cleachtadh Barracuda - Cleachtadh frithsceimhlitheoireachta Ollmhór a reáchtáladh i gcomhar leis an nGarda Síochána.

      Searmanas & Ionadaíocht Stáit

      Bhí baint ag Óglaigh na hÉireann le níos mó ná 50 Imeacht searmanais Stáit agus míleata suntasach in 2018.

      • Sheinn Bannaí Óglaigh na hÉireann ag 420 imeacht i rith na bliana. Bhíothas ag seinm ag ócáidí stáit agus ag searmanais mhíleata chomh maith le réimse leathan tacaíochta a chur ar fáil ag imeachtaí sibhialta pobail agus spóirt ar fud na hÉireann.
      • Ghlac Scoil Eachaíochta an Airm páirt i mbreis is 110 comórtas le linn na bliana.
      • Thacaigh Óglaigh na hÉireann le searmanais comórtha Stáit bhliantúla, lena n-áirítear cothrom 102 bliain Éirí Amach na Cásca a chomóradh ag an GPO, Sráid Uí Chonaill; Comóradh ar Cheannairí 1916 ag Cnoc an Arbhair; agus an Lá Náisiúnta Comórtha san Ospidéal Ríoga, Cill Mhaighneann. Bhí Óglaigh na hÉireann páirteach chomh maith i gComóradh Náisiúnta an Ghorta, a bhí ar siúl i mbliana ag Ollscoil na hÉireann, Corcaigh i mí Bealtaine.
      • Bhí páirt mhór ag Óglaigh na hÉireann chomh maith i searmanas insealbhaithe a Oirirceas an tUachtarán Michael D. Higgins mar Uachtarán na hÉireann ar an 11 Samhain.
      • Bronnadh onóracha searmanais Stáit ar ócáid Chuairt Stáit Uachtarán Phoblacht na hIodáile go hÉirinn i mí Feabhra. Ina theannta sin, bronnadh onóracha dá Naofacht an Pápa Proinsias nuair a thug sé cuairt ar Éirinn i mí Lúnasa. Bronnadh onóracha ar Uachtarán na hÉireann, A Oirirceas  an tUachtarán Michael D. Higgins, tráth a raibh sé chun cuairt Stáit a dhéanamh chuig an Laitvia agus chuig an Liotuáin i mí Meithimh.
      • Bhí Óglaigh na hÉireann páirteach i sraith searmanas gach mí ag Áras an Uachtaráin áit ar chuir 38 nAmbasadóir ar an iomlán a gcuid Cáipéisí i láthair Oifig Uachtarán na hÉireann.
      • Tionóladh searmanas speisialta Stáit i gCaisleán Bhaile Átha Cliath i Meitheamh na bliana seo chun 60 bliain ó chuaigh Éire i mbun seirbhíse den chéad uair in oibríochtaí Coinneála Síochána na Náisiún Aontaithe agus rannpháirtíocht leanúnach Óglaigh na hÉireann in oibríochtaí ó shin i leith a chomóradh. Mar chuid de na hócáidí comórtha seo, bhí comhaltaí Óglaigh na hÉireann páirteach i searmanas inar leagadh bláthfhleasca ag Ceanncheathrú na Náisiún Aontaithe i Nua-Eabhrac i mí Iúil. Bhí an Taoiseach i láthair ag an searmanas sin.
      • Tionóladh sraith de shearmanais shamhraidh ag an gCuimhneacháin Náisiúnta, Cearnóg Mhuirfean i gcuimhne ar chomhaltaí Óglaigh na hÉireann a fuair bás ag fónamh don Stát. Tionóladh Lá Comórtha d'Iarshaighdiúirí Óglaigh na hÉireann in Ard-Mhúsaem na hÉireann, Dún Uí Choileáin, Baile Átha Cliath i mí Bealtaine. Bronnadh Bonn Seirbhíse Dearscna ar an Maor-Ghinearál Michael Beary ag searmanas a bhí ar siúl i nDún Chathail Bhrugha, Baile Átha Cliath, mar aitheantas ar an méid ollmhór atá curtha aige leis na hiarrachtaí coinneála síochána le linn a ghairme.
      • Chuir Óglaigh na hÉireann Onóracha Míleata ar fáil ag fáiltithe Stáit arna óstáil ag an Taoiseach tráth ar thug Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh agus Seansailéir na hOstaire cuairt ar Éirinn.
      • Tionóladh searmanais comórtha Stáit, a raibh príomhról ag Óglaigh na hÉireann iontu, chun cothrom céad bliain ócáidí tábhachtacha de chuid an Chéad Chogadh Domhanda a cheiliúradh. Rinneadh céad bliain ó chuaigh an RMS Leinster go tóin poill amach ó chósta Dhún Laoghaire a chomóradh ag comóradh Stáit a bhí ar siúl i nDún Laoghaire i nDeireadh Fómhair. Rinneadh céad bliain ó tháinig deireadh leis an gCéad Chogadh Domhanda a chomóradh le searmanas Stáit i Reilig Ghlas Naíon ar an 11 Samhain.

      Le linn 2018, chuaigh comhaltaí Óglaigh na hÉireann i mbun dualgais searmanais agus tacaíochta eile ar fud na tíre ag cur tacaíochta ar fáil d'imeachtaí Stáit agus comórtha eile.

      Nuálaíocht agus Comhoibriú

      Féachann Óglaigh na hÉireann le comhoibriú le  gníomhaireachtaí comhpháirtíochta, go náisiúnta agus go hidirnáisiúnta, le teacht ar réiteach nuálaíoch ar dhúshláin slándála nua-aimseartha. In 2018 tugadh Beartas Maoine Intleachtúla don Eagraíocht Cosanta chun críche a chuidíonn chun timpeallacht barrmhaitheasa a chruthú chun nuálaíocht a spreagadh.

      ROCSAFE:

      Ball cuibhreannais is ea an Cór Ordanáis de thionscadal rathúil H2020. Páirtnéirí sa tionscadal sin is ea Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, an Iodáil, an Ghearmáin, an Spáinn agus an Phortaingéil, agus fuarthas breis agus €4.7m de mhaoiniú taighde de bharr an tionscadail. Tionscadal é seo atá bunaithe ar an méid a tharlaíonn i ndiaidh imeacht Ceimiceach, Bitheolaíoch, Raideolaíoch agus Pléascach (CBRNe) agus tá teicneolaíocht cheannródaíoch á cruthú aige lena húsáid sa réimse a bhaineann le Diúscairt Ordanáis Phléascaigh (EOD).

      Tá Cór Ordanáis Óglaigh na hÉireann ag cur saineolas agus forléargas túslíne úsáideora deiridh ar fáil don tionscadal.

      CLUICHÍOCHT NA SÍOCHÁNA (GAP):

      Cuibhreannas ar a bhfuil Óglaigh na hÉireann, Coláiste na Tríonóide, an PSNI agus Arm na Fionlainne.  Molann GAP go gcuirfidh Serious Games timpeallacht sa 21ú haois ar fáil inar féidir le pearsanra um Chosc ar Choinbhleacht agus Cothú na Síochána (CPPB) taithí a fháil ar chásanna trí rólimirt ina n-eagraíocht féin agus trí rólimirt a dhéanamh ar dhaoine as eagraíochtaí eile.

      Cuireadh an cluiche GAP ar fáil ag deireadh mhí Iúil agus rinneadh é a thástáil i Meán Fómhair agus i nDeireadh Fómhair 2018. Tá an tionscadal seo ag an gcéim deiridh anois.  Déanfar an cluiche seo, a forbraíodh le cabhair Óglaigh na hÉireann, a chur i láthair ag Comhdháil Deiridh Tionscadail GAP a bheidh ar siúl i gColáiste na Tríonóide i mBaile Átha Cliath i mí Eanáir 2019 agus is é 'GAP: The Soft Skills Summit: How to Train for Soft Skills Through Digital Games – A Case Study for Training Peacekeepers' an téama a bheidh aige. Tá cead faighte ón gColáiste Eorpach um Shlándáil agus um Chosaint (ESDC) GAP a bheith ina mhodúl ar bhonn píolótach ag tús na bliana 2019 agus tá sé i gceist é a chur ar fáil do chomhaltaí ESCD ar feadh bliana.

      CAMELOT

      Is é cuspóir an tionscadail ná córas ceannais il-réimse agus smachta a fhorbairt a bheidh in úsáid d'fhaireachas muirí. Is baill chuibhreannais iad an tSeirbhís Chabhlaigh le Coláiste Náisiúnta Mara na hÉireann (NMCI), Córais BAE, NATO agus Cabhlach na Portaingéile. Freastalóidh an tSeirbhís Chabhlaigh ar chruinnithe pleanála agus ar cheardlanna, ina gcuirfear saineolas praiticiúil úsáideora deiridh muirí agus cabhlaigh ar fáil, chun breis forbartha a dhéanamh ar an tionscadal seo le linn 2019.


      Dáta an Phreasráitis: 28 Nollaig 2018

      Chun tuilleadh eolais a fháil téigh i dteagmháil le:

      Preasoifigeach: An Ceannfort James O'Hara

      Teil: 045 49 2502 , 045 49 2503

      Fón Póca : 087 2482130

      Ríomhphost: Preasoifigeach