Skip to main content

Coimisiúin le Glacadh ag Daltaí Aerchóir

Dé hAoine, an 02 Samhain 2018, 12.45pm.
AC-commision-1920

Freastalóidh an tAire a bhfuil Freagracht air maidir le Cosaint, Paul Kehoe TD, agus Ceann Foirne Óglaigh na hÉireann, an Seachaimiréal Mark Mellet DSM, ar Shearmanas Coimisiúnaithe na n-oifigeach nua ag Ceanncheathrú an Aerchóir in Aeradróm Mhic Easmuinn, Baile Dhónaill, Dé hAoine an 2 Samhain.

Is lá mór agus údar mór bróid í an ócáid don 34ú Rang Daltaí Aerchóir. Críoch é ar na trí bliana go leith atá caite acu ar dhianoiliúint mhíleata agus eitilte agus bronnfar Sciatháin Phíolótaí Míleata ar na daltaí Dé hAoine chomh maith le Coimisiún an Uachtaráin.

Déanfaidh a gcomhghleacaithe san Aerchór taispeántas gearr aeraclaíochta ag 1pm sula gcuirfear tús leis an Searmanas Coimisiúnaithe. Beidh sárdheiseanna ann grianghraif a ghlacadh de na haerárthaigh i mbun eitilte agus den rang daltaí in aice leo.

Ar an 21 Meán Fómhair 2015 chuaigh baill an 34ú Rang Daltaí Aerchóir isteach i 92ú Rang Daltaí an Airm sa Churrach, áit a ndearna siad bunchúrsa oiliúna míleata agus ceannaireachta. Ar an modúl sin a bheith tugtha chun críche, d'aistrigh an Rang go hAeradróm Mhic Easmainn agus d'fhreastail siad ar scoil talún na bpíolótaí, lena n-áirítear os cionn 750 uair an chloig teagaisc ar 15 ábhar a bhain le heitlíocht ó Phrionsabail Eitilte go dtí Feidhmiúlacht agus Teorannú an Duine.

Tá os cionn 150 uair an chloig oiliúna eitilte curtha i gcrích ag an rang, lena n-áirítear aeraclaíocht, aertheaicticí agus eitilt dhlútheagair. D’ullmhaigh an oiliúint sin iad lena gceapadh ina gceannairí sóisearacha agus ina bpíolótaí san Aerchór. Nuair a bheidh siad ag glacadh leis an gCoimisiún ón Uachtarán, tabharfaidh na hoifigigh nua mionn dílseachta faoina mionnóidh siad a bheith “dílis d’Éirinn agus tairiseach don Bhunreacht”


Dáta an Phreasráitis: 2 Samhain 2018

Chun tuilleadh eolais a fháil téigh i dteagmháil le:

Preasoifigeach: An Ceannfort Pat O'Connor

Teil: 045 49 2502 , 045 49 2503

Fón Póca : 087 2482130

Ríomhphost: Preasoifigeach