Skip to main content

Oifigeach Liachta (Díriontrála)

Na Daoine atá Uainn

Is iad na hoifigigh na bainisteoirí, na cinnteoirí agus na ceannairí in Óglaigh na hÉireann. Oifigeach Speisialta is ea an tOifigeach Liachta a chleactann míochaine in Óglaigh na hÉireann sa bhaile agus thar lear. Díríonn an cleachtas leighis ar chosaint agus oideachas sláinte, ar phríomhchúram agus ar mhíochaine timpeallachta. Bíonn dúshláin an-mhóra fhisiciúla agus intinne le sárú sa ról seo. De bhreis ar do ról leighis, mar Oifigeach, beifear ag súil go dtreoróidh tú agus go ndéanfaidh tú bainistiú ar phearsanra an Chóir Liachta.

Tá Óglaigh na hÉireann ag lorg daoine a bhfuil na cumais seo a leanas acu de bhreis ar na cáilíochtaí cuí liachta

  • Cumas pleanála, tosaíochta agus eagrúcháin
  • Leibhéal réasúnta ard corpacmhainne
  • Scileanna cumarsáide atá soiléir, beacht agus éifeachtach
  • A bheith in ann daoine eile a spreagadh oibriú le foireann

Cáilíochtaí Gairmiúla

Ní mór cáilíocht M.B., B.Ch, B.A.O., nó L.R.C.P. agus S.I. a bheith agat ar a laghad.

Clárúchán iomlán reatha a bheith agat le Comhairle na nDochtúirí Leighis in Éirinn. (Caithfidh an t-iarrthóir a n-éireoidh leis nó léi fanacht cláraithe).

Taithí 3 bliana iarchéime a bheith agat. Tá sé inmhianaithe freisin, cé nach bhfuil sé riachtanach, go mbeadh na hiarrthóirí iontráilte i gceann de na Cláir Speisialtóirí seo a leanas i gComhairle na nDochtúirí Leighis in Éirinn.

  • Leigheas Éigeandála
  • Ainéistéisí
  • Cleachtadh Ginearálta Míochaine
  • Míochaine Shaothair
  • Speisialtachtaí Síciatracha
  • Míochaine Shláinte Phoiblí

Conas Dul Isteach

Reáchtáiltear comórtais d’Oifigeach Leighis Díriontrála de réir mar is gá.

Iarratas

Ni mór d’iarrthóirí ionchasacha an fhoirm iarratais ar line a líonadh tríd an láithreán gréasáin seo. Bíonn dátaí an chomórtais fógartha sna nuachtáin náisiúnta agus ar an láithreán gréasáin seo agus ní ghlacfar le hiarratais ach amháin ar na dátaí sin. Déanfar gach comhfhreagras leis na hiarrthóirí trí ríomhphost ar feadh tréimhse an chomórtais.

Agallamh

Tabharfar cuireadh chun agallaimh do na hiarrthóirí a mheasfar a bheith incháilithe.

Imréiteach Leighis & Slándála

Ansin tabharfar cuireadh do na hiarrthóirí a fuair na marcanna is airde dul faoi scrúdú iomlán dochtúra in Ospidéal Míleata Ginearálta Naomh Bricín i mBaile ítha Cliath. Mar aon leis sin, déanfaidh an Garda Síochána seiceáil slándála ar na hiarrthóirí go léir. Caithfidh na hiarrthóirí pas a fháil sa scrúdú dochtúra agus sa tseiceáil slándála araon sula measfar iad le haghaidh ionduchtaithe.

Deonú Coimisiúin Oifigigh Liachta

Tairgeofar coimisiún mar Oifigeach Liachta ar chéim Captaein in Óglaigh na hÉireann do na hiarrthóirí a chríochnóidh ar bharr ord fiúntais na gcomórtas.

Traenáil

Caithfidh gach Oifigeach Liachta Díriontrála cúrsa Ionduchtaithe Míleata a dhéanamh.

Sannaíocht Aonaid

Sannfar Oifigigh Liachta do na hAonaid Liachta faoi réir na riachtanas a bheidh ag Óglaigh na hÉireann. Tá na hAonaid Liachta lonnaithe sna hionaid seo a leanas

  • An Bhunáit Chabhlaigh, Inis Sionnach, Co. Chorcaí
  • Dún Uí Choileáin, Corcaigh
  • Dún Chostúim, Baile ítha Luain
  • Airmheán Traenála Óglaigh na hÉireann, Campa an Churraigh, Co. Chill Dara
  • Ospidéal Naomh Bricín, Baile ítha Cliath