Skip to main content

An Scoil Ordanáis

Ta Óglaigh na hÉireann eagraithe mar fhórsa míleata comhghnásach a bhfuil Armghéaga Comhraic agus Tacaíochta Comhraic aige. Tá an Cór Ordanáis ina chuid thábhachtach den Armghéag Tacaíochta Comhraic, ar a dtugtar Tacaíocht Seirbhíse Comhraic (CSS,) a bhfuil sé de chúram air tacaíocht a sholáthar sna réimsí seo a leanas — lón lámhaigh, pléascáin, armáin, córais armáin, córais smachtaithe dóiteáin, bog-ordanás, trealamh machaire agus campa, lena n-áirítear bia le haghaidh Óglaigh na hÉireann. Tá an Cór uathúil sa mhéid is gurb é an t-aon eilimint CSS a bhfuil ról oibríochta aige. Ón Dara Cogadh Domhanda i leith is é an Cór Ordanáis a sholáthraíonn acmhainn Óglaigh na hÉireann chun gairis phléascacha a fhaightear sa Stát a ghlanadh agus a chur de láimh.

Bunaíodh an Scoil Ordanáis i 1942 le traenáil theicniúil agus eile a sholáthar chun straitéis traenála Óglaigh na hÉireann don Chór Ordanáis a chur i bhfeidhm. I dtús báire b’Oifigigh le taithí iad na teagascóirí a fuair traenáil ar chúrsaí sa Ríocht Aontaithe. Bhí taithí ag na teagascóirí teicneoirí ar chothabháil armáin, lón lámhaigh agus pléascán agus bhí cáilíochtaí teicneoirí sibhialtacha acu. Fuair roinnt mhaith acu traenáil sa Ríocht Aontaithe sa bhreis ar thraenáil theicniúil a fuair siad ó sholáthróirí trealaimh mhíleata. D’oibrigh an cur chuige seo chun teagascóirí a thraenáil agus chun an teagasc a sheachadadh go maith go dtí an lá atá inniu ann. Mar chruthú ar chomh maith agus atá ag éirí leis an modh oibre sin is fíor nach raibh aon timpiste riamh ag Óglaigh na hÉireann a bhain le harmán seirbhíse, lón lámhaigh ná pléascáin de bharr mhí-fheidhm trealaimh. Tá an Cór Ordanáis an-mhórálach as an teist sin.

Ráiteas Misin

Cuirfidh an Scoil Ordanáis oideachas agus traenáil ghairmiúil go dtí an caighdeán is airde barr feabhais ar fáil do phearsanra Óglaigh na hÉireann. Tá an Scoil Ordanáis tiomanta lena chinntiú go gcuirtear timpeallacht chomhchuí agus caidreamh tacúil ar fáil dá mic léinn ionas gur féidir le gach duine acu forbairt agus a lánacmhainneacht a bhaint amach tríd an bpróiseas foghlama.

Fís Straitéiseach

Chun leanúint ag soláthar traenála agus oideachais i ngach réimse saineolais an Chóir Ordanáis agus ar an gcaoi sin an Cór Ordanáis a éascú chun ordanás CSS a fhorbairt agus a chothabháil i leith Óglaigh na hÉireann. Ar mhaithe le dea-theist an Chóir Ordanáis a chaomhnú tá an Scoil Ordanáis ag gabháil do chlár chun cáilíocht agus caighdeán an oideachais a chuireann an scoil ar fáil dár gcuid mac léinn a uasghrádú. Chun na críche sin chríochnaigh beirt oifigeach teagascóir cláir Máistreachta ag Defence College of Management and Technology, Shrivenham agus chríochnaigh duine amháin Cúrsa Oifigeach Teicniúil Lón Lámhaigh (ATO) le hArm na Breataine ag an Army School of Ammunition, Shrivenham. Mar chéad chéim eile ní mór d’fhoireann teicneoirí na Scoile Ordanáis dul faoi thraenáil chun a gcuid cáilíochtaí agus a n-inniúlacht chun teagasc a thabhairt a uasghrádú. Tá an chéad chéim loighciúil eile sa phróiseas seo chun caighdeán an oideachais a chuireann an Scoil Ordanáis ar fáil a uasghrádú ag dul i dtreo iarratas a dhéanamh ar chreidiúnú seachtrach le haghaidh an chúrsa seo agus go deimhin le haghaidh ár gcúrsaí ar fad. Mar sin tá comhpháirtíocht forbartha ag an Scoil Ordanáis le hInstitiúid Teicneolaíochta Cheatharlaigh, ar féidir, dá réir, an cuspóir seo a bhaint amach.
Príomhghníomhaíochtaí

Cuireann an Scoil Ordanáis teagasc ar fáil chun riachtanais an Chóir Ordanáis agus Óglaigh na hÉireann a shásamh sna réimsí teicniúla a thagann laistigh de raon freagrachta agus saineolais an Chóir. Déanann sí é sin trí chúrsaí gairme agus cúrsaí eile níos giorra go hiondúil ar shainréimsí nó faoi threalamh aonair, a chur ar fáil. Tá cúrsaí gairme níos faide agus tá siad den riachtanas chun go mbeidh an mac léinn cáilithe chun grád teicniúil ar leith a líonadh. Bíonn cúrsa leantach ag teacht i ndiaidh mhórchuid na gcúrsaí gairme chun go mbeidh deis ag an mac léinn chun tógáil ar an eolas, ar na scileanna agus ar an gceannaireacht a d’fhoghlaim sé ón mbunchúrsa.

I dteannta na gcúrsaí gairme le haghaidh grádanna éagsúla teicniúla reáchtálann an Scoil Ordanáis go leor cúrsaí níos giorra faoi threalamh aonair agus ar shainréimsí mar:

  • Cúrsa faoi Lón Lámhaigh a Láimhseáil le haghaidh na foirne Lóistíochta Aonaid
  • Cúrsa C-IED le haghaidh pearsanra a bheidh ag taisteal thar lear
  • Cúrsaí do theagascóirí C-IED ag leibhéil náisiúnta agus idirnáisiúnta araon
  • Cúrsa ar threalamh nua mar chóras nua armáin
  • Cúrsaí na monaróirí ar threalamh agus ar theicneolaíocht nua-faighte
  • Cúrsa ar Phubaill a chur in airde

Cuireann an Scoil Ordanáis traenáil ar fáil do 5 phríomhghrúpa daoine:

  • Pearsanra Teicniúla an Chóir Ordanáis
  • Pearsanra ar mian leo dul isteach sa Chór Ordanáis ar cheapachán teicniúil
  • Pearsanra a thagann as brainse ar bith d’Óglaigh na hÉireann
  • Mic léinn idirnáisiúnta as airm náisiúnta eile agus ó ghníomhaireachtaí slándála
  • Pearsanra ó ghníomhaireachtaí sibhialtacha (m.sh. An Garda Síochána
  • Pearsanra Slándála Aerfoirt