Skip to main content

Clár Staidéar

DF Studies Programme

Tá gealltanas tugtha ag Óglaigh na hÉireann i leith creidiúnú a sholáthar maidir leis an bhfoghlaim ar fad a reachtáiltear laistigh den eagraíocht trí bheith ag comhoibriú le hInstitiúidí Ardoideachais iomchuí.

Deir an Páipéar Bán ar Chosaint (2000, Alt 4.6.2.) “ soláthrófar an deis don phearsanra uile forbairt phearsanta a dhéanamh agus taithí ghairmiúil cheangailte a fháil ar mhaithe lena n-acmhainneacht iomlán a chomhlíonadh fad a bheidh siad ag tabhairt seirbhíse in Óglaigh na hÉireann”. Mar sin, is ionann creidiúnú na gclár traenála agus oideachais faoi NFQ agus meaitseáil idir pholasaí agus straitéis ar féidir léi an bhearna a bhí ann roimhe seo a líonadh. Ní mór don Chreidiúnú a éilítear cloí leis na caighdeáin atá leagtha síos in Acht na gCáilíochtaí (Oideachas agus Traenáil) 1999 atá á rialú ag íšdarás Náisiúnta Cáilíochtaí na hÉireann (NQUAI) agus comhlíonfaidh sé riachtanais oibriúcháin agus traenála Óglaigh na hÉireann.

Tuigeann Stiúrthóir Thraenáil Óglaigh na hÉireann go maith an réimse leathan scileanna atá ar fáil trí institiúidí oideachais sibhialtacha agus fáiltíonn sé roimh na cúrsaí sin faoi scéimeanna éagsúla oideachais atá ar fáil do na baill. Is iad traenáil agus oideachas, idir chomhchoiteann agus aonair, cloch coirnéil an tsaoil mhíleata agus beidh sin amhlaidh, mar go socraíonn ilchineálacht na traenála inniúlacht oibriúcháin agus éifeachtacht Óglaigh na hÉireann ar ardáin náisiúnta agus idirnáisiúnta.

Daltaí Oifigigh

Maidir le daoine de Phearsanra an Airm a ionduchtaíodh mar Dhalta Oifigigh agus a chríochnaigh an traenáil Dalta Oifigigh go rathúil agus nach bhfuair Céim Onóracha Baitsiléara (Leibhéal 8 den Chreat Náisiúnta Cáilíochtaí) nó a hiontamhail roimhe seo, féadfar, faoi réir riachtanais na seirbhíse agus cheanglais Óglaigh na hÉireann, iad a shannadh chuig cúrsa staidéir as a leanfaidh céim ó Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, nó cúrsa staidéir as a leanfaidh céim ó choláiste oideachais tríú leibhéal eile.

I dtaca le traenáil tríú leibhéal de, beidh ar dhaoine den phearsanra gealltanas (nó gealltanais) a shíniú á rá go ndéanfaidh siad, sula bhfágfaidh siad na Buan-Óglaigh go saorálach aon tráth tar éis dóibh tús a chur leis an gcúrsa agus sula mbeidh siad tar éis fónamh sna Buan-Óglaigh ar feadh líon íosta blianta a ríomhfar ón dáta a chríochnaíonn siad an traenáil tríú leibhéal, costas na traenála sin a aisíoc leis an Aire Cosanta, lena n-áirítear costas an phá agus na liúntas a íocadh leo i rith na tréimhse a rabhthas ag freastal ar an gcúrsa.

Go praiticiúil, beidh ar Oifigigh a fhreastalaíonn ar thraenáil tríú leibhéal fónamh ar feadh dhá bhliain ar a laghad in aghaidh gach bliana ina ndéanann siad freastal ar choláiste le linn dóibh a bheith ina gcomhalta d’Óglaigh na hÉireann.

Pearsanra Neamhchoimisiúnta

Clár Bainistíochta Ceannaireachta agus Staidéar Cosanta (LMDS)

Ligeann clár LMDS do shaighdiúirí aitheantas dá bhfoghlaim ghairmréime trí chreidiúnú seachtrach le forais oideachais tríú leibhéal. Baineann bonn leathan scileanna leis an gClár, ar scileanna iad atá infheidhme maidir le hÓglaigh na hÉireann agus maidir le disciplíní eile lasmuigh den réimse míleata. Is féidir bunú an Chláir a rianú siar chuig Páipéar Bán na bliana 2000.

Céard é?

“beidh an deis ag gach duine den phearsanra forbairt phearsanta a dhéanamh agus taithí gaolmhar gairmiúil a fháil le gur féidir barr a gcumas a bhaint amach le linn dóibh fónamh in Óglaigh na hÉireann.”

Cén fáth?

“...a chinntiú...go mbeidh cáilíochtaí ag comhaltaí de na Buan-Óglaigh, ar cáilíochtaí iad a fheabhsóidh a n-ionchais ó thaobh fostaíochta de nuair a fhágann siad Óglaigh na hÉireann.”

Baineann Creidmheasanna ECTS (An Córas Eorpach Aistrithe Creidiúna) le cúrsaí de chuid Óglaigh na hÉireann a chríochnaítear. Nuair a dhéantar 120 creidmheas a charnadh tríd an gClár tríd an gCúrsa le haghaidh Ábhar Oifigigh Neamhchoimisiúnta (NCO), nó a iontamhail, a chríochnú, faightear an chéad dámhachtain ag Leibhéal 6. Maidir le cúrsaí gairmréime eile a chríochnú, agus maidir le 150 creidmheas, agus 180 creidmheas ina dhiaidh sin, a charnadh, baineann dámhachtainí ag Leibhéal 7 leo.

Déantar saighdiúirí singile 3 Réalta a áireamh sa Chlár go huathoibríoch. Le dul chun cinn a chinntiú, roimh clárú ar Chúrsa le haghaidh Ábhar Oifigigh Neamhchoimisiúnta (NCO), ní mór do shaighdiúir singil 3* Réalta 20 Creidmheas a charnadh ó Chór-Chúrsaí  agus 40 Creidmheas a charnadh ón bPunann Foghlama Obairbhunaithe. Mura bhfuil na creidmheasanna sin ag duine, ní bhfaighidh sé/sí an 120 creidmheas atá ag teastáil maidir le cáilíocht a bhronnadh tar éis an Cúrsa le haghaidh Ábhar Oifigigh Neamhchoimisiúnta a chríochnú.

Íoslódáil Bileog mionsonraithe ar LMDS (As Béarla)

Dámhachtainí arna dtabhairt

Is iad seo a leanas na dámhachtainí a bhronntar ar phearsanra de chuid Óglaigh na hÉireann i leith cúrsaí éagsúla a chuirtear ar fáil i bhforais tríú leibhéal:

Dámhachtainí arna dtabhairt ag Ceatharlach I.T

  • Ard-Teastas i Staidéir Cheannaireachta, Bhainistíochta agus Chosanta (Leibhéal 6), á dhámhadh ag IT Cheatharlach
  • Mionghradam i Staidéir Cheannaireachta, Bhainistíochta agus Chosanta (Leibhéal 7), á dhámhadh ag IT Cheatharlach
  • Céim BA i Staidéir Cheannaireachta, Bhainistíochta agus Chosanta (Leibhéal 7), á dámhadh ag IT Cheatharlach
  • Céim BA i Staidéir Cheannaireachta, Bhainistíochta agus Chosanta (Lóistíocht) (Leibhéal 7), á dámhadh ag IT Cheatharlach
  • Céim MSc i mBainistíocht Teicneolaíochta Cumarsáide (Leibhéal 9), á dámhadh ag IT Cheatharlach
  • Céim MSc i mBainistíocht Innealtóireachta Míleata (Leibhéal 9), á dámhadh ag IT Cheatharlach

Dámhachtainí arna dtabhairt ag OÉ Má Nuad

  • Dioplóma i Staidéir Cheannaireachta, Bhainistíochta agus Chosanta (Leibhéal 7), á dhámhadh ag Ollscoil na hÉireann, Má Nuad
  • Ard-Dioplóma i Staidéir Cheannaireachta, Chosanta agus Slándála Comhaimseartha (Leibhéal 8), á dhámhadh ag Ollscoil na hÉireann, Má Nuad
  • Céim MA i Staidéir Cheannaireachta, Bhainistíochta agus Chosanta (Leibhéal 9), á dámhadh ag Ollscoil na hÉireann, Má Nuad

Dámhachtainí arna dtabhairt ag C.I.T

  • Ard-Teastas i Staidéir Cheannaireachta, Bhainistíochta agus Mhuirí (Leibhéal 6), á dhámhadh ag IT Chorcaí
  • Mionghradam i Staidéir Cheannaireachta, Bhainistíochta agus Mhuirí (Leibhéal 7), á dhámhadh ag IT Chorcaí
  • Céim BA i Staidéir Cheannaireachta, Bhainistíochta agus Mhuirí (Leibhéal 7), á dámhadh ag IT Chorcaí
  • Céim BSc san Eolaíocht Mhuirí (Leibhéal 8), á dámhadh ag IT Chorcaí

Íoslódáil Póstaer LMDS (As Béarla)