Skip to main content

An tAerchór

Is é ról an Aerchóir faoin Acht Cosanta, a bheith páirteach i slándáil an Stáit trí Aerchosaint Mhíleata a dhéanamh ar aerspás an Stáit. Le linn tréimhsí síochána áfach, is gnách leis an Aerchór na rólanna a chomhlíonadh a shannann an Rialtas dó, trí leas a bhaint as Aerchór díograiseach éifeachtach.

The Air Corps will continue to operate a range of rotary and fixed wing aircraft within existing organisational structures. The principal aim over the lifetime of the White Paper will be to ensure that the Air Corps can continue to undertake the required military operations and to deliver a broad range of air supports to other government departments and agencies in line with MOUs and SLAs. In this context, key equipment requirements and decisions are set out below. Should additional funding, beyond that required to maintain existing capabilities become available, the development of a radar surveillance capability is a priority for the Air Corps.

The Air Corps is comprised of the following Units:

Ceanncheathrú an Aerchóir

San áireamh i gCeanncheathrú an Aerchóir tá Oifig an Ghinearáloifigigh i gCeannas, Rannóg Oibríochtaí agus Rannóg Tacaíochta, mar aon le trí rannóg speisialtóireachta atá nasctha le Ceanncheathrú an Aerchóir agus iad faoi cheannas díreach an Ghinearáloifigigh i gCeannas an Aerchóir. Seo iad: an tÚdarás Míleata um Aerfhiúntas (MAA), an Rannóg Sábháilteachta Eitiltí agus Rannóg Póilíní an Airm.

Ar na tascanna a bhíonn le comhlíonadh ag foireann Cheanncheathrú an Aerchóir tá pleanáil bainistíochta straitéisí, pleanáil agus rialú oibríochtúil, bainistíocht lóistíochtúil agus pearsanra, caidreamh poiblí agus aerfhiúntas na n-aerárthaí uile i mbun seirbhíse.

Sciathán Oibríochtaí Uimh. 1

Is é Sciathán Oibríóochtaí Uimhir a hAon a dhéanann na tascanna agus na hoibríochtaí sciatháin dhobhogtha uile a leagtar amach don Aerchór. Tá an sciathán foroinnte ina sé scuadrún oibríochtúla ar leith, agus gach scuadrún díobh i mbun a chuid rólanna féin.  Naoi n aerárthach ar fad atá á n oibriú ag an sciathán faoi láthair. Tá an sciathán freagrach as cothabháil chéad líne na n aerárthaí uile a shanntar dó freisin.

Ar na hoibríochtaí tipiciúla tá:

  • Patrólú muirí cois cladaigh & amach ón gcósta
  • Seirbhís Aeriompair Airí
  • Comhoibriú & Taiscéalaíocht an Airm
  • Aerthacaíocht don Gharda Síochána
  • Aerárthach Othar
  • Barrchumhdach sa Chuardach & Tarrtháil
  • Oibríochtaí paraisiútála
  • Monatóireacht & faireachas tionlacain
  • Iompar míleata

Sciathán Oibríochtaí Uimh. 3

Is é Sciathán Oibríochtaí Uimhir a Trí a dhéanann na tascanna agus na hoibríochtaí sciatháin rothlacha uile a shanntar don Aerchór. Tá an sciathán foroinnte ina trí scuadrún oibríochtúla ar leith, agus gach scuadrún díobh i mbun a chuid rólanna féin.

Oibríonn an sciathán ocht n aerárthach ar fad faoi láthair, sé Augusta Westland AW139 agus dhá Eurocopter EC-135. Agus tá an sciathán freagrach freisin as cothabháil chéad líne na n aerárthaí uile a shanntar dó.

Ar na hoibríochtaí tipiciúla tá:

  • Tacaíocht don Arm
  • Aerárthach Othar
  • Iompar míleata
  • Cúnamh sibhialta
  • Cuardach & Tarrtháil Intíre
  • Úsáid ghinearálta
  • Traenáil píolótaí sciatháin rothlacha
  • Seirbhís Aeriompair Airí

Sciathán Tacaíochta Uimh. 4

Is e Sciathán Tacaíochta Uimhir 4 a dhéanann an chothabháil sceidealta dara líne ar aerárthaí uile an Aerchóir. San áireamh ansin tá freagracht as an gcothabháil ar fad i réimse na heitleonaice, as soláthar agus bainistiú páirteanna spártha agus as soláthar breosla eitlíochta a chur ar fáil agus a bhainistiú.

Ar na rólanna tá:

  • Soláthar agus bainistiú páirteanna spártha
  • Bainistiú breosla
  • Cothabháil Leictreonaic Eitlíochta

Sciathán Tacaíochta Uimh. 5

Tá Uimh. 5 Sciathán Tacaíochta freagrach as gach tacaíocht lóistíochta don Aerchór. Is é an sciathán fo roinnte ina shé scuadrúin tacaíocht ar leith, gach ceann ag comhlíonadh a róil ar leith féin.

I measc na róil is gnách tá:

  • Bonn riarachán
  • Slándáil agus cothabháil
  • Loighistice
  • Iompar
  • Seirbhísí Leighis
  • Seirbhísí Aeir Rialú Tráchtala
  • Seirbhísí Tarrthála Timpistí

An Scuadrún Seirbhíse Cumarsáide & Eolais

In Aeradróm Mhic Easmuinn, Baile Dhónaill, atá an Scuadrún Seirbhísí Cumarsáide & Eolais lonnaithe. Is é a jab, déileáil le gach gné den trealamh agus de na córais Chumarsáide, Loingseoireachta agus Eolais Teicneolaíochta a bhíonn de dhíth ar an Aerchór lena rólanna sannta a chur i gcrích. Cuireann siad cinntí polasaí na bhFórsaí Cosanta maidir le Seirbhísí Cumarsáide agus Eolais i bhfeidhm san Aerchór le foireann eagraithe ardoilte díograiseach agus dea-threalmhaithe.

Is iad na Rólanna tipiciúla ná:

  • Airfield Services Flight
    • Airfield Services Flight is responsible for installing, servicing and maintaining a vast array of technical equipment.Airfield Navigation Aid’s such as V.O.R (VHF Omni-directional Range)/D.M.E. (Distance Measuring Equipment), I.L.S. (Instrument Landing System) and associated D.M.E., C.A.D.F. (Commutated Antenna Direction Finder).
  • Communications Flight
    • Communications Flight provides all the ground and some of the air based communications for the Air Corps using UHF, HF and VHF radios. There are two FFR (Fitted for Radios) Nissan vehicles which provide communications between aircraft and base when working in the field.
  • Technical Services Flight
  • Technical Services Flight is responsible for Networking, Power Plant and Telecoms within CIS.

  • Information Technology
    • FlightInformation Technology Flight has responsibility for the proper functioning of the Communication & Information Services Network (CISN) within the Air Corps and the AS400 Airsoft System.

Eolais faoin Aerchór

Ta fir agus mná ag seirbhís san Aerchór, agus déanann gach duine díobh cion uathúil agus suntasach chun na rólanna, idir phríomha agus thánaisteacha, a chomhlíonadh faoi mar a shanntar ón rialtas iad.

Rólanna an Aerchóir

Le linn tréimhsí síochána áfach,Is gnách leis an Aerchór na rólanna a chomhlíonadh a shannann an Rialtas dó, trí leas a bhaint as Aerchór díograiseach éifeachtach.

GOC An Aerchór

An Ginearál Oifigeach i gCeannais, Aerchór - An Briogáidire-Ghinearál Rory O'Connor

Coláiste an Aerchóir

Is é Coláiste an Aerchóir an príomhaonad traenála san Aerchór. Tá an coláiste foroinnte ina trí scoil ar leith, an Scoil Traenála Eitilte, an Scoil Traenála Teicniúla agus an Scoil Traenála Mílteata & Marthana

An Flít

Tá 16 n aerárthach sciatháin dhobhogtha agus 10 n aerárthach sciatháin rothlacha i mbun oibre ag an Aerchór faoi láthair, mar aon le dhá ionsamhlóir, PC-9M amháin agus traenálaí ilchriú.