Déardaoin an 12 Aibreán 2018 - Searmanas Comórtha 90 Bliain.

An 12 Aibreán 1928, d'fhág aerárthach Junkers W.33 ar a tugadh "Bremen" Aeradróm Bhaile Dhónaill agus thug a haghaidh ar Mheiriceá Thuaidh. Ar bord bhí Oifigeach i gCeannas an Aerchóir, an Cornal James Fitzmaurice agus beirt chriú as an nGearmáin, an Captaein Kohl agus Baron Von Huenefeld. Tuairim is 36 uair an chloig ina dhiaidh sin, thuirling siad ar Oileán Greenly ar chósta thoir Cheanada.

Éacht amach is amach a bhí ann go háirithe nuair a ghlactar an ghaoth a bhíonn i gceist, na droch-choinníollacha aimsire agus an méid uaireanta ar féachadh lena leithéid a bhaint amach roimhe sin san áireamh. Tugadh ceannródaithe eitlíochta ar an gCornal Fitzmaurice agus ar chriú an Bremen agus tá an méid a bhain siad amach fós ar cheann de na héachtaí is mó riamh i stair na heitlíochta.

Reáchtáladh searmanas inniu in Aerbhunáit Mhic Easmuinn san áit chéanna inar chuir an Bremen tús leis an turas éachtach úd. Bhí ceol arna sheinm ag Bannaí Ceoil Óglaigh na hÉireann, ómós ón gCór Airtléire agus tareitilt arna dhéanamh ag an Aerchór mar chuid den searmanas. Cuireadh grianghraif agus físeáin a bhain leis an imeacht ar taispeáint i Músaem an Aerchóir tar éis an tsearmanais.

Is féidir grianghraif ón imeacht a fháil trí Leathnach Flickr Óglaigh na hÉireann


Dáta an Phreasráitis: Déardaoin an 12 Aibreán 2018

Chun tuilleadh eolais a fháil téigh i dteagmháil le:

Preasoifigeach: An Ceannfort Pat O'Connor

Teil: 045 49 2502 , 045 49 2503

Fón Póca : 087 2482130

Ríomhphost: Preasoifigeach